Blog

Súil siar ar 2018

Posted by:

A chairde,

Bliain iontach don bheachaireacht ar fud na hÉireann agus abhus i nGaillimh a chonaiceamar anuraidh – aimsir iontach ag an am ceart den samhradh le tál mór meala ag teacht isteach, beachairí rí-ghnóthacha ag dul i ngleic le saithí agus le ró-phlódú meala istigh sna coirceoga. Thosaigh an bhliain go mall leis an bhfuacht san earrach (agus ganntanas coirceog núicléach ar fud na hÉireann), ach chonacthas teacht aniar den scoth ina dhiaidh sin.

Agus bliain mhaith do Chumann Beachairí na Gaillimhe a bhí ann freisin – bhíomar páirteach ag deireadh na bliana 2017 le bunú Chumann Beachairí na hÉireann CLG; agus roghnaíodh ár gCathaoirleach Michael Hughes mar an tOifigeach Oideachais tar éis an chéad chruinniú cinn bliana i bPort Laoise.

Agus ar ndóigh tháinig forás ar ár gCumann féin sa bhliain freisin – ranganna tosaitheoirí lán go béal agus fuadar fúthu chun foghlama, agus neart gathanna rompu! D’eagraíomar an chéad tionól maidir leis an mbeachaireacht in iarthar na hÉireann i mí na Samhna nuair a reáchtálamar Bee na G in Óstán Chonnacht istigh i gCathair na Gaillimhe. D’éirigh thar cionn leis an ócáid agus seachtó cúig duine sa tinreamh air, ag éisteach le cainteoirí spreagúla ó fud na hÉireann.

Agus ag deireadh na bliana tháinig roinnt daoine nua isteach sa choiste, agus d’imigh roinnt oifigeach a chuir saothar mór leis an gcumann le cúpla bliain anuas. B’éigean do Martin Whelan éirí as mar rúnaí, agus mé féin atá ag sealaíocht sa phost sin don bhliain 2019. B’éigean do Valerie Glavin éirí as a ról mar chisteoir, agus thug ar láimh é do Gerry McCreanor don chéad bhliain eile. Tá Cumann Beachairí na Gaillimhe fíor-bhuíoch as an méid a rinne an bheirt úd le linn a dtéarma oifige agus tá súil againn go bhfeidhmeoidh siad róil eile amach anseo.

Gné iontach den chumann a chonacthas ó cheann ceann na bliana 2018 ab ea saothar na mball – go hiomlán saorálach ag seónna, ag léachtaí, ag Bee na G féin. Ní bheadh an Cumann fós ar an bhfód dá n-éagmais, agus is é an seoidín mar shócmhainn iad.

Caithfidh mé súil chun cinn ar an mbliain 2019 sa chéad phostáil eile sa bhlag nua seo.

Nach milis  é an saol!

05/01/2019

0


About the Author:

Add a Comment